Monthly Archives: May 2020

AN CHÉAD CHOMAOINEACH 2020 Teachtaireacht ón bParóiste do na Páistí I nGaelscoil Inse Chór

A Chailiní agus a  Bhuachaíllí,  Bail ó Dhia oraibh!

Seo í Pádraigín anseo.   An chuimhin libh go raibh muid ag obair le chéile le Múinteoir Connie ag ullmhú do bhur  gCéad Chomaoineach.  Rinne sibh an-obair go deo do na h-Aifrinn ullmhúcháin éagsúla I Séipéal Naomh Mhichíl. Tharraing sibh pictúirí áille le dathú, agus chas sibh iomainn le chéile agus d’inis sibh paidreacha naofa do Íosa.   Bhí mise agus an t-Athair Louis ag tnúth go mór le bhur lá mór inniu, agus tá a fhios againn go raibh sibhse ag tnúth go mór  leis freisin.  Tá an-díomá orainn – mar a bhfuil oraibh fresin –  nach bhfuil an Chéad Chomaoineach  ar siúl an Satharn seo.  Ach, ná bígí buartha.  Bíodh misneach agaibh I gconaí – mar chomh luath agus atá cead againn  teacht le chéile, le guí sa Séipéal,  beidh bhur gCéad Chomaoineach ag dul ar aghaidh.  Agus beidh an-lá go deo againn an lá  sin!   Idir an dá linn, caithfaimid a bheith foighdeach;  bainigí sult as an Samhradh, ag spraoi sa mbaile; coinnigí ag guí agus ag rá bhur bpaidreacha pearsanta gach lá do Dhia, ar son bhur  gclann agus bhur muintir, bhur gcairde, bhur n-ainmhithe agus ar son  na ndaoine a bhfuil grá agaibh dóibh.   Beidh muid I dteagmháil arís!

Beannacht Dé Oraibh ar Fad ó Phádraigín agus ón t-Ath Louis

Agus ó Pharóiste Naomh Mhichíl ar fad.

Hello Girls and Boys!

This is Pádraigín here.  Remember I was helping you prepare for First Holy Communion with Muinteóir Connie.  You coloured lovely pictures and said special prayers for our preparation masses.  Myself and Fr. Louis and all the people of the Parish of St Michael’s were really looking forward to your First Holy Communion Day this Saturday May 23rd. We know you were all looking forward to it  too. Like you, we are disappointed that it is not happening today.   But do not worry because as soon as we are all allowed to come together and pray together again we will celebrate your First Holy Communion with you and your families in Inchicore.   In the meantime, take care and remember to say your prayers to Holy God at home,  to mind you, and your families and friends and all the people and animals  you love.  We will be in touch again soon with some fun things you might like to do as you wait for your Communion Day.

God Bless you all,  from Pádraigín and Fr Louis and all at St Michael’s

MESSAGE TO THE BOYS AND GIRLS OF THE FIRST COMMUNION CLASSES IN OUR LADY OF LOURDES NATIONAL SCHOOL FROM ST MICHAEL’S

This gallery contains 1 photo.

Hello Girls and Boys! This is Pádraigín here. Remember I was helping you prepare for First Holy Communion with Ms O’Dwyer and Mr McCarthy.  You coloured lovely pictures and said special prayers for our preparation masses.  Myself and Fr. Louis … Continue reading

This week’s Newsletter

The latest St Michael’s Parish Newsletter is available to view and download here:

May 2020 Newsletter